Home

About my work

Gaeilge

Exhibitions

Blog

Links

Contact

Tréimhse mar ealaíontóir cónaithe in

Áras Éanna, Inis Oírr, Mí Aibreáin, 2014

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Chaith mé tréimhse an-thaithneamhach ar Inis Oírr sa bhliain 2014 (bhí aimsear iontach againn) agus bhí taispeántas agam in Áras Éanna, a d’oscail ar an 31ú lá de mhí Bealtaine, 2015 agus a lean ar feadh míosa. Tá obair ón dtaispeántas seo le feiscint ach anseo. 

 

Nua Ealaín:- Suíomh idirlíona i nGaeilge faoi ealaín comhaimseartha na hÉireann

 

Tá Nuala Ní Fhlathúin tar éis suíomh nua a chruthú le tuairisc a thabhairt ar thaispeántaisí éagsula a thárlaíonns ar fud na tire.

 

‘Sé: http://nuaealain.wordpress.com/ an seoladh air agus chuir sí agallamh ormsa le déanaí dó.  Is féidir leat é a léamh ach cliceáil ar an nasc seo thuas.

 

 

Taispeántas i mBéal Feirste ag tús 2013

 

Bhí taispeántas agam i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mí Eanáir i mbliana.  Dídean/ Home an teideal a bhí air.  D’oscail Róisín Ní Chéileachair é go h-oifigiúil ar an 17ú lá de mhí Eanáir.  Is féidir roinnt mhaith den saothar a fheiscint anseo.  Chuir Sarah de Búrca as Meon Eile agallamh orm ar an oíche agus is féidir é sin a fheiscint anseo.

 

i mí Mheithimh 2012...

 

Tá mé tar éis tréimhse míosa a chaitheamh thuas i Min a’ Leá i nGaeltacht Dhún na nGall.  Is ceantar álainn í ach caithfear a admháil go dtiteann go leor báistí ann ó am go h-am.  Caithfear a admháil gur thit roinnt mhaith den bháisteach sin i mí Mheithimh i mbliana ach, cén dochair - bhí mise ag fanacht i gCló Ceardlann na gCnoc.  Nuair a bhí an ghrian ag taithneamh chaith mé an t-am ag spaisteoireacht sna sléibhte (dhreap mé an Earagail agus an Eachla mór).  Má bhí sé ag cur báistí, bhí mé in ann ‘bheith ag obair sa cheardlann.  D’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi eitseáil agus clóbhualadh agus, faoin am a bhí an mí caite agam, bhí mé tar éis eagrán de 25 clóbhuailtí a chruthú.  Is pictiúr den Earagail a bhí ann agus beidh sé i dtaispeántas níos déanaí i mbliana i Salford Shasana.

 

Ar Imeall, TG4 !

 

Bhí mé ar an gclár teilifíse ‘Imeall’  le déanaí, ag caint le Sinéad Ní Mhaonaigh faoi mo thaispeántas ealaíne “Home” in Ollscoil Luimnigh.  Is féidir an t-agallamh sin a fheiceáil trí cliceáil anseo

 

Blag Nua!

 

Thosnaigh mé Blag nua i Mí Iúl, 2010 agus tá súil agam scéalta i nGaeilge a chur air ó am go h-am.  Tá cnapa ( Blog ) le feiscint anois ar an dtaobh chlé nó is féidir leat cliceáil anseo.

 

Caoineadh/Elegies i gCaisleán an Bharraigh,

Lúnasa, 2008

 

 

Bhí oíche iontach againn i gCaisleán an Bharraigh ag tús mí Lúnasa, 2008 nuair a d’oscail Treasa Ní Cheannabháin an taispeántas Caoineadh/Elegies dom in ionad ealaíne an Linenhall. 

 

Tá an-bhaint ag Treasa leis an Ireland Palestine Solidarity Campaign agus b’in é an fáth a d’iarr mé uirthi teacht ar dtús ach, mar is eol do chách, is amhránaí ar an sean nós í chomh maith agus is ise a chum an amhrán: “Ali” faoi dhílleachtín ón Iaráic.  (Canann a h-iníon Róisín Elsafty “Ali” ar an dlúthdhiosca “Má bhíonn tú liom, bí liom”).  Bhuel, ba mhór an onór domsa go dtáinig Treasa agus a fear chéile, an Dr.Elsafty, agus triúr dá chlann (agus colcheathrar freisin) chuig an oscailt oifigiúil.  Tar éis na ‘speeches’, chas Zahrah agus Naisirín Elsafty  “Ali” dúinn agus chuir siad gliondar ar chroí ghach duine a bhí ann!

 

Bhí sé an-dheas go raibh meascán de dhaoine as tíortha éagsúla ann ag an oscailt, agus 3 theangachaí éagsúla á labhairt —  Bhí Gaeilgeoirí ann, Béarlóirigh, daoine ón Éigipt, ó Shasana, ón Alban, ón Ghearmán agus ó Mheiriceá...

 

Tá mé an-bhuíoch as an tacaíocht a fuair mé ó am go h-am ó Bhord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta  agus Gael Linn.

 

Leabhar na Bliana 2007

 

Fógraíodh gearrliosta Chomórtais Litreartha an Oireachais do Ghradam Uí Shúilleabháin - Leabhar na Bliana 2007 ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dé Máirt, an 19ú lá de mhí Meán Fómhair, 2007.

 

Bhí Aiséirí / Requiem ar an ngearrliosta sin !  Tá 24 dánta le Ciarán Ó Coighligh san leabhar seo agus 24 ghrianghrafanna den ealaín a bhí sna cillíní i bPríosún Chill Mhaighneann i 2005.  Tá aiste faoin dtaispeántas freisin le Brenda Moore McCann

 

Fógraíodh an buaiteoir ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart i mí na Samhna, 2007 ach níor bhuaigh muid.

 

Mo Scéal Fhéin

 

Rugadh i mBaile Átha Cliath mé i 1959.  Bhí m-athair Piaras agus mo mháthair Móna ag obair sa Stáitseirbhís, agus nuair a phós siad, chinn siad ar an chlann a thógaint le Gaeilge. Bhí deichniúr againn ann.  Chuaigh na buachaillí ar scoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, agus na cailíní i Scoil Chaitríona agus Coláiste Íosagáin.  Rinne mé an Ard Teist san bhliain 1977.

 

Tá mé pósta le Fionnuala Rockett ón bhliain 1988.  D’fhás sise suas i gCill Mochua i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh.  Tháinig sí go Baile Átha Cliath i 1981. Chas muid le chéile i gCumann Naomh Uinsionn de Pól (Comhaltas Mhuire gan Smál – comhaltas iarscoláirí Choláiste Mhuire).

 

Tá mé ag obair mar ealaíontóir go lán aimsearach anois ó 1991.  Déanaim iarracht de ghnáth teidil i nGaeilge a chur ar mo chuid oibre.  Tá mé an-bhródúil as ár gcultúr Gaelach agus ceapaim go bhfuil sé iontach támhachtach sna laethanta seo é a chaomhnú.

 

Mise agus Fionnuala i mí Márta, 2008

Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, Ros Muc, 2016

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Mar chuid de chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a bhí ar siúl i Ros Muc i Mí Iúl i mbliana, bhí seans againn (Nuala Ní Fhlathúin agus mé fhéin) léiriú a thabhairt ar ár dtogra ealaíne: "Ag Seasamh an Fhóid".  Thaispeáin mise an gearrscannán: "Ar Theacht an tSamhraidh" don chéad uair agus chruthaigh Nuala píosa ealaín suiteála thíos ag Loch an Turlaigh Bhig don deireadh seachtaine.

 

Nuair a bhí an chuid fhoirmeálta thart agus an phobail ag scaipeadh, d’imigh mise agus mo dheartháir (Fearghas) trasna go dtí Teach an Phiarsaigh aríst. Bhí soilse fós ar lasadh ag Scoil an Ghort Mhóir ach bhí muidne linn fhéin i gcoim na h-oíche. Chuir muid an teilgeoir ar siúl agus sheas muid ansin, le sceitimíní do-inste orainn, agus muid ag faire ar na h-íomhánna tochtmhara ag teacht agus ag imeacht ar bhinn tí an Phiarsaigh.  'Sé seo thíos an scannán ar theilg muid...

 

https://www.youtube.com/watch?v=ffGUrATnnm4

 

Buíochas le Dia, bhí an aimsir tirim, bhí an oíche galánta agus d’oibrigh gach rud gan stró don ócáid speisialta seo. Tá níos mó scríofa agam faoi seo ar mo bhlag fhéin: "Scéalta Ealaíne"  ag:

 

https://emacl.wordpress.com/2016/08/04/clandestine-projection-in-connemara/